Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

IOM agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – stádas coláiste chomhlachaithe

Tá Institiúid Oideachais Marino (IOM) ina coláiste cleamhnaithe de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath (TCD). Déanann Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, formhór de chláir acadúla IOM a bhailíochtú agus a chreidiúnú chomh maith lena gcáilíocht a dhearbhú. Neartaíodh an caidreamh idir IOM agus TCD trí chomhstraitéis acadúil a fhorbairt lena gcuirfear comhshaothair mhóra teagaisc agus taighde idir an dá institiúid chun cinn. Bainfear leas as láidreachtaí TCD agus láidreachtaí IOM araon agus an chomhstraitéis á cur i bhfeidhm chun na caidrimh atá ann a neartú agus chun sineirgí nua a chur chun cinn. Is chomh-iontaobhaithe MIE iad TCD agus na Bráithre Críostaí. Tá rochtain iomlán ag gach mac léinn lánaimseartha atá cláraithe in IOM ar Sheirbhís do Dhaoine faoi Mhíchumas TCD agus ar Sheirbhís Comhairleoireachta TCD.